Do Thuairim, Ár dTodhchaí

Is ardán é Futurium ar ar féidir le daoine Eorpacha beartais an Aontais Eorpaigh a phlé. Tá fáilte romhat clárú le grúpa ar bith, nó le go leor grúpaí ar an ardán seo.

Féadfaidh tú brabhsáil tríd na grúpaí gan clárú leo ach ní mór duit a bheith cláraithe chun trácht a dhéanamh ar phostálacha nó chun cur in iúl gur maith leat iad. Féadfaidh tú cuntas a chruthú go héasca anseo. Féadfaidh tú postáil i gceann ar bith de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh; déanfaidh bainisteoirí na gcomhphobal agus comhghleacaithe eile a seacht ndícheall freagra a thabhairt ort i do rogha teanga.

Forbraíodh an t-ardán seo i dtús báire chun ábhair dhigiteacha a phlé ach cuirtear fáilte roimh phlé ar ábhar ar bith atá ábhartha i gcomhthéacs an Aontais Eorpaigh. Déanann an t-ainm “Futurium” tagairt don todhchaí atá amach romhainn, mar go mbíonn tionchar ag ár mbeartais ar an todhchaí. Dá mhéad a ghlacaimid páirt, is ea is mó an tionchar a bheidh againn ar ár dtodhchaí.

Glac páirt

An bhfuil smaoineamh agat i leith na hEorpa? An bhfuil pobal agat a chuireann dlús le clár oibre uile-Eorpach? Ar mhaith leat tionscnamh a chur chun cinn ar leibhéal Eorpach? Bí linn ar Futurium!