Ráiteas Príobháideachais

An oibríocht phróiseála: Ardán agus Comhphobail Futurium.

Rialaitheoir Sonraí: Aonad ábhartha an Choimisiúin Eorpaigh a chruthaigh agus a bhainistíonn an Comhphobal (seiceáil an leathanach ‘Eolas’ nó ceanntásc an chomhphobail a bhfuil tú i do bhall de chun an tAonad ábhartha a aithint)

Próiseálaí Sonraí Inmheánach: Ard‑Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta – Aonad R.3.

Tagairt taifid: DPR-EC-00787

 

Clár Ábhar

  1. Réamhrá
  2. Cén fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí?
  3. Cé na sonraí a bhailímid agus a phróiseálaimid?
  4. Cá fhad a choinneofar do chuid sonraí?
  5. Conas a chosnaímid do chuid sonraí?
  6. Cé aige a mbeidh rochtain ar do chuid sonraí agus cé dó a nochtfar iad?
  7. Cad iad na cearta atá agat agus conas a fheidhmítear iad?
  8. Sonraí teagmhála

 

Réamhrá

Baineann an ráiteas príobháideachais seo leis an Ardán Futurium agus leis na gníomhaíochtaí ar fad a bhaineann leis na Comhphobail Futurium (amhail rannpháirtíocht ar líne ar an ardán). Mínítear ann an fáth a bpróiseálaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn, an dóigh a ndéanaimid iad a bhailiú, a láimhseáil agus a gcinntímid iad a chosaint, an chaoi a n‑úsáidtear an t‑eolas sin, agus na cearta is féidir leat a fheidhmiú maidir le do shonraí pearsanta. Tá na hinstitiúidí Eorpacha tiomanta an príobháideachas a chosaint agus a urramú. Ós rud é go mbailíonn agus go ndéanann an tseirbhís seo tuilleadh próiseála ar shonraí pearsanta, tá feidhm ag rialacha sonracha maidir le cosaint sonraí[1]. Is leis an gCoimisiún Eorpach an tArdán Futurium; is é Aonad ábhartha de chuid an Choimisiúin Eorpaigh a riarann gach Comhphobal Futurium (féach an leathanach ‘Eolas’ nó ceanntásc an chomhphobail a bhfuil tú i do bhall de chun an tAonad ábhartha a aithint). Is iad Ard‑Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta (DG CONNECT) sa Choimisiún Eorpach, nó Ard‑Stiúrthóireachtaí eile, a dhéanann cothabháil ar na gnéithe teicniúla den ardán.

 

[1]Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

 

Cén fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí?

Bailímid agus úsáidimid do chuid faisnéise pearsanta chun na Comhphobail Futurium a riar. Nuair a bhailímid agus a úsáidimid do chuid sonraí, cuireann sé ar ár gcumas do bhallraíocht laistigh de chomhphobal a chruthú, teagmháil a dhéanamh leat maidir le gníomhaíochtaí ar líne agus as líne a bhaineann leis an gcomhphobal agus do rannpháirtíocht ann a chinntiú, agus forléargas a fháil ar chineálacha éagsúla ball sna comhphobail.

Ós rud é go dtugann an t‑úsáideoir toiliú sula gcláraíonn sé ina bhall, is dleathach na hoibríochtaí próiseála a dhéantar ar shonraí phearsanta chun na Comhphobail Futurium a eagrú agus a bhainistiú faoi Airteagal 5(d) de Rialachán (AE) 2018/1725. Leagtar amach go mionsonraithe aidhm chinntí beartais an Chomhphobail Futurium agus aon chinneadh gaolmhar faoi seach faoin táb “Eolas” ar an leathanach Comhphobail ar shuíomh gréasáin Futurium.

 

Cé na sonraí a bhailímid agus a phróiseálaimid?

Próiseálaimid na sonraí pearsanta is gá chun do chuntas a chruthú ar shuíomh gréasáin Futurium, rud a chuireann ar do chumas páirt a ghlacadh sna Comhphobail a óstálann ardán Futurium ar líne agus na Comhphobail dhifriúla a eagrú agus a bhainistiú.

I. Sonraí arna mbailiú ó gach úsáideoir (baill nó úsáideoirí nach baill iad): Seoladh IP, nach mbailítear ach le haghaidh bearta slándála.

Faigheann an riarthóir córais do sheoladh IP mura bhfuil sé faoi cheilt agat.

II. Is iad seo a leanas na sonraí a phróiseáiltear ó gach úsáideoir cláraithe:

Éigeantach

II. a) Ainm (céadainm agus sloinne) (a fhaightear trí EU Login);

II. b) Seoladh ríomhphoist (a fhaightear trí EU Login);

II. c) URL an leathanaigh gréasáin óna dtagann an t‑úsáideoir agus an URL ar tugadh cuairt air;

II. d) Am an logáil isteach;

II. e) eagraíocht (ag brath ar na sonraí a tugadh nuair a chruthaigh na daoine is ábhar do na sonraí a gcuntas EU Login) (a fhaightear trí EU Login);

II. f) roinn (ag brath ar na sonraí a tugadh nuair a chruthaigh na daoine is ábhar do na sonraí a gcuntas EU Login) (a fhaightear trí EU Login).

II. g) ballraíocht i bpobail.

Cuirtear na sonraí sin le do chuntas úsáideora.

Chomh maith leis na sonraí pearsanta ‘éigeantacha’ a luaitear thuas, is féidir le gach rialaitheoir oibriúcháin sonraí tuilleadh sonraí pearsanta a iarraidh. Sa chás sin, is féidir le gach rialaitheoir oibriúcháin sonraí roghnú a dhéanamh tuilleadh sonraí pearsanta a bhailiú. Is féidir a mheas gur sonraí ‘éigeantacha’ iad na sonraí pearsanta breise sin (gan iad, ní féidir leis an duine is ábhar do na sonraí dul isteach sa chomhphobal) nó gur sonraí ‘deonacha’ (is féidir leis an duine is ábhar do na sonraí rogha a dhéanamh iad a chur ar fáil nó gan iad a chur ar fáil, ach níl a bhallraíocht sa chomhphobal ag brath ar na sonraí sin).

Samplaí de shonraí pearsanta breise den sórt sin: An chathair agus an tír; Íomhá; Ainm na cuideachta ina n‑oibríonn an duine is ábhar do na sonraí; Post; Ábhar a fhoilsíonn an t‑úsáideoir cláraithe; an spreagadh chun dul isteach sa chomhphobal, etc.

Féadfaidh úsáideoirí cláraithe an ardáin eolas breise a sholáthar in aon chás, eolas a bhféadfadh sonraí pearsanta a bheith ann:

  • Ailt,
  • Barúlacha,
  • Pictiúir, comhaid téacs,
  • Naisc, e.g. chuig físeáin.

Tabhair do d'aire nach n‑iarrann an Coimisiún nó nach bhfuil sé ag súil leis go soláthróidh rannpháirtithe Futurium (i) catagóirí speisialta de shonraí faoi Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 (is é sin, “sonraí pearsanta lena léirítear tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, nó ballraíocht i gceardchumann, agus próiseáil sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, sonraí a bhaineann leis an tsláinte nó sonraí a bhaineann le saol gnéis agus le gnéaschlaonadh duine nádúrtha”) nó sonraí pearsanta a bhaineann le cionta nó ciontuithe coiriúla dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2018/1725, ar sonraí pearsanta iad a bhaineann leo féin nó le tríú páirtí ina n‑aighneachtaí le comhphobail Futurium. Is é an rannpháirtí féin atá freagrach as aon chineál sonraí pearsanta den sórt sin a chur ar fáil. Féadfaidh an riarthóir a chinneadh sonraí pearsanta den chineál sin a scriosadh ar bhonn measúnú de réir an cháis.

 

Cá fhad a choinneofar do chuid sonraí?

Coinníonn an Coimisiún Eorpach do shonraí fad a bheidh gá le bearta leantacha i leith an Chomhphobail Futurium lena mbaineann, eadhon oibriú an Chomhphobail agus bainistíocht ghaolmhar an Chomhphobail.

Coinnítear sonraí logála (URL ar a dtugtar cuairt, am logála isteach, ainm agus ríomhphost an úsáideora logáilte isteach) ar feadh 3 uair an chloig.

Coinnítear faisnéis a bhaineann leis an am atá caite don chlárú úsáideora agus don rochtain dheireanach ar an ardán fad is gur baill den ardán iad daoine.

Coimeádfar na sonraí pearsanta eile go léir le linn 5 bliana tar éis duit teagmháil dheireanach a dhéanamh leis an ardán. Ansin, scriosfar do shonraí pearsanta, ach amháin má dhéanann tú do spéis a athnuachan mar úsáideoir cláraithe ar an ardán.

Scriosfar do shonraí pearsanta ón Ardán roimh dheireadh na tréimhse coinneála cúig bliana, arna iarraidh sin (féach na Sonraí Teagmhála i Roinn 8 thíos).

 

Conas a chosnaímid do chuid sonraí?

Stóráiltear na sonraí uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, baisceanna sonraí a uaslódáladh srl.) ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh nó ar fhreastalaithe chonraitheoirí an Choimisiúin i gcomhréir le cinneadh ón gCoimisiún an 16 Lúnasa 2006 C(2006) 3602 maidir le slándáil na gcóras faisnéise a úsáideann an Coimisiún Eorpach. Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi cheangal clásal conarthach ar leith maidir le próiseáil ar bith a dhéantar ar do shonraí pearsanta thar ceann an Choimisiúin.

 

Cé aige a mbeidh rochtain ar do chuid sonraí agus cé dó a nochtfar iad?

Beidh rochtain ag riarthóirí uile na suíomhanna gréasáin (baill foirne an Choimisiúin) ar na sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú, chomh maith le baill foirne eile an Choimisiúin ar bhonn riachtanais eolais.

Féadfaidh úsáideoirí eile rochtain a fháil ar do chuid sonraí, de réir a gcearta rochtana:

  • Más úsáideoir cláraithe thú, maidir le do chéadainm, do shloinne, d’eagraíocht agus do roinn (mar a chuirtear ar fáil iad in EU Login) agus do ghrianghraf próifíle, má tá a leithéid curtha fáil agat, chomh maith leis an ábhar a phostáil tú, beidh cuairteoir ar bith ar an suíomh gréasáin in ann na sonraí sin a fheiceáil i gcás ina ndeachaigh tú isteach i gcomhphobal téamach oscailte agus/nó i gcás ina bhfuil ábhar postáilte agat ar an ardán. I gcás nach bhfuil rud ar bith eile déanta agat ar an ardán seachas clárú leis, ní bheidh na sonraí sin le feiceáil ag cuairteoirí ar an suíomh gréasáin ná ag úsáideoirí eile.
  • Más úsáideoir cláraithe thú, maidir le do chéadainm, do shloinne, d’eagraíocht agus do roinn (mar a chuirtear ar fáil iad in EU Login) agus do ghrianghraf próifíle, má tá a leithéid curtha fáil agat, chomh maith le haon ábhar a phostáil tú ar chomhphobal dúnta, ní bheidh ach baill an chomhphobail sin in ann na sonraí iad a fheiceáil. Ní bheidh rochtain ag cuairteoirí ar an ardán ar na sonraí seo mura bhfuil siad ina mbaill den chomhphobal dúnta sin. Féadfaidh tú glacadh (Glacaim) le hiarratas nó diúltú (Ní ghlacaim) d'iarratas teagmhála ó bhaill eile (mar réamhshocrú: ní ghlacaim), ní féidir bac a chur le húsáideoirí sonracha.
  • Beidh an t‑eolas a sholáthraíonn tú mar chuid den iarratas chun nascadh le haon cheann de na comhphobail théamacha le feiceáil ag modhnóir riarthóirí an chomhphobail. Féadfaidh nach riarthóirí an Choimisiúin iad na riarthóirí sin ach riarthóirí seachtracha (próiseálaithe sonraí).

Ní bheidh na sonraí pearsanta breise atá curtha ar fáil agat mar chuid de do phróifíl le feiceáil ach ag úsáideoirí cláraithe an ardáin. Féadfaidh tú socruithe príobháideachais do chuntais a chumrú agus cinneadh a dhéanamh cé na sonraí pearsanta a bheidh le feiceáil ag úsáideoirí eile.

 

Cad iad na cearta atá agat agus conas a fheidhmítear iad?

Más úsáideoir cláraithe thú ar ardán Futurium, féadfaidh tú do shonraí pearsanta a athrú nó a scriosadh sa roinn “próifíl úsáideora” den ardán. Féadfaidh tú freisin an t‑ábhar a phostáil tú a athrú nó a scriosadh.

Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir le próiseáil do shonraí pearsanta, is féidir leat iad a chur faoi bhráid an rialaitheora oibríochtúil (an tAonad de chuid an Choimisiúin Eorpaigh a bhainistíonn do Chomhphobal) trí chliceáil ar ‘Déan teagmháil le bainisteoir(í) comhphobail’. Más fearr leat, is féidir leat dul i dteagmháil freisin le DG CONNECT (cnect‑futurium@ec.europa.eu).

Is féidir leat do chearta mar ábhair sonraí a fheidhmiú (an ceart chun do thoiliú a tharraingt siar, an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a scriosadh, an ceart srian a chur le próiseáil do shonraí pearsanta agus an ceart chun iniomparthacht sonraí) trí theagmháil a dhéanamh leis an rialaitheoir oibríochtúil (an tAonad de chuid an Choimisiúin Eorpaigh a bhainistíonn do Chomhphobal) trí chliceáil ar ‘Déan teagmháil le bainisteoir(í) comhphobail’. Más fearr leat, is féidir leat dul i dteagmháil freisin le DG CONNECT (cnect‑futurium@ec.europa.eu).

 

Sonraí teagmhála

Má tá barúlacha, ceisteanna nó ábhar imní agat maidir le bailiú nó úsáid do shonraí pearsanta, nó má theastaíonn uait gearán a dhéanamh ina leith, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis:

– an rialaitheoir sonraí (san Aonad ábhartha de chuid an Choimisiúin Eorpaigh a bhainistíonn do Chomhphobal – tá Bosca Ríomhphoist Feidhmiúil an Aonaid sin ar fáil ar an leathanach ‘Eolas’ nó i gceanntásc do chomhphobail),

nó (de réir do rogha féin)

– an próiseálaí sonraí inmheánach: DG CONNECT Aonad R.3 ‘Bainistíocht Faisnéise agus Córais Nuálacha’

Foirgneamh Copernicus L-51 

B-1049 An Bhruiséil 

Seoladh Ríomhphoist: CNECT‑FUTURIUM@ec.europa.eu

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh freisin le hOifigeach Cosanta Sonraí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh: DATA-PROTECTION‑OFFICER@ec.europa.eu

I gcás easaontais, féadfar gearáin a chur faoi bhráid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí ach na sonraí teagmhála seo a leanas a úsáid: edps@edps.europa.eu.

Féadfaidh tú teacht ar eolas níos mionsonraithe i gClár Oifigeach Cosanta Sonraí de chuid an Choimisiúin: https://ec.europa.eu/info/about‑european‑commission/service-standards‑and‑principles/transparency/data-processing-register_en